School: Duíbhlios
- Location:
- Duílis, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Duíbhlios
- XML Page 137
- XML “Ainmneacha Páirceanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá feirm mo athair suidhte 4 míle ar an dtaobh thúaidh de Dhromdaliag. Tá pairch ar aghaid an tighe amach agus " AN LEACA" a tugtar air, tá pairch inaice an bhotair agus CLAIS DOIMHIN" a tugtar air. Áit mín, réidh iseadh é agus sruthan mor doimhin ag rith tre na lár. Cúpla slat ón pbáirc san tá páirch éile agus PAIRCH NA GCLOCH a tugtar áir. Tá cloca móra árda ann fós.
Tá páirc ar an dtaobh thiar d'ar dtigne agus CNOCH CÁM a tugimid air. Áit ana gharbh iseadh í agus tá cnucíní annso agus annsúd ann. Tá PÁIRC CAOL in-aice ná h-abhán agus CURRACH LIATH an ainm atá air. Do bhí portach ann bhíanta o shoin agus tá go leór crainn ag fás ann fé láthair.
Tá páirc in-aice leí san agus DROM AN CHOINÍN a tugtar áir. Ní fheadar cadh na taobh gur tugadh an ainm sin air. Ta páirc eile ann agus SEANA GRAFA a tugaimíd air anois. Ta páirc in-aice ár dtigne agus CILLE BEAG a tugtar air Do bhí cóill ánn fadó acht níl tásg na tuairis den gcoill san ánn anois.
Ta pairc éile againn leis agus AN MÓINTÉAN a tugamíd air. Áit caol fada doimhin iseadh í agus áit ana conntarbhach iseadh í.
Tá áit caol in-aice na h-abhan agus AN CUL LÁTH Cúl-Atha a tugtar áir.- Collector
- Maighréad Ní Riogáin
- Gender
- Female
- Address
- An Garrán Thuaidh, Co. Chorcaí