Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 267
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ins na Garrdha Ladhna i bparóiste na Dromaide agus chuaidh bó seacht mbliadhna leis i dtreabh.”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.(gan teideal)
“Ní raibh aon buicéad le fághail fadó, acht an canna.”
Ní raibh aon buicéad le fághail fadó, acht an canna. Árus déanta d’adhmaidh ab ‘ eadh an canna a bhí go leathan ar a bhonn agus cumhang ar a bhárr. Aon lámh amhain ar nós lámh drollaighe. Ar a cheannaibh a bheireadh na daoine canna uisge nó canna bainne, nó pé nidh eile a bhíodh istigh ann.(gan teideal)
“Ní díoltaí aon bulán fadó, agus mharbhuigheadh na feirmeóirí….”
Ní díoltaí aon bulán fadó, agus mharbhuigheadh na feirmeóirí gach gamhain baineam, nuair a bhíodh lá aoise aca. Annsan nuair ná bhíodh an gamhain ann. Cuireadh na mná tighe muga maothail ag trial ar gach duine gur mhaith leó. Annsan chuireadh an duine a geibheadh an maothail ubh nó gráinne salann isteach sa mhuga. Tugtaí píosa den ghamhain i dteannta an maothail do dhaoine leis