Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 245

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 245
  3. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ba ghnáth leis na sean-daoine fáíltiúghadh roimh an ngaoith, mar cheapadar gur teachtaire ón bhFlaithis í, agus deiridís, "Go gcuiridh Dia leóithne de ghaoithe shonais isteach an dorais chítghainn." (?)
    Seo paidreacha eile a chaitheadh na daoine le n-a cheile i rith an lae. Dá bhfagadh duine deoch uisge deireadh sé "Go dtugaidh Dia deoch duit as tobar ná trághfaidh." Dá mbeadh duine taréis a sheólta do leagadh sa tsaoghal eile deireadh duine éigin "Tá sé imthighthe anois, go réidhtighidh Dia an bhóthar roimis, agus ná raibh fada a ré a dteinte na bpian." Nuair a bheadh radharc an dá shaoghal beagnách feisgighthe ag duine sé sin nuair a bheadh sé buaidhte glan amach ag an mbás agus slabhraí ceangail an chuirp agus an anam beagnách sgaoilte, déarfadh duine éigin sa tig, agus de gnáth duine d'á ghaotla féín. "Dia go raibh geal leat, agus ceólta aoibhne na n-Aingeal go raibh ad' stiúriú, agus Muire na nGrás, Naomh Michéal agus an dá Aspol déág do theacht i gcoinnnibh t-anam." Maidir le seo mar phaidir, is gnáthach go n-abrann duine fé'n a fhiachlaibh é, ar eagla go gcloisfheadh madraí Ifrinn é.

    Deireann na sean-daoine gur ceart do dhuine fioghar na croise a chuir ar feín le linn dó bheith ag cur an dorais amach do ar maidin, do'n chéad uair. 'Sé an fáth gur cheart so do dhéanamh ná go mbeadh an cros idir dhuine agus teachtairí agus teacthaireachtaí an diabhail le linn dó bheith ag cur "dorais" an lae.

    Nuair a bhíonn oidhche bréagh, realtógach ann deirtear an paidir seo:- "Is breágh an oidhche í, céád míle buidheachas agus moladh de Dhia, go dtugaidh breághthacht agus compórd, agus taithneamh lampaí na spéire do's na h-anamnaibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge