Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn eagla ar na sean daoine leis roimh bás na h-oidhche. Ceapann siad go mbíonn lámh Dé le duine a gheibheann bá i rith an lae. Is mór an nídh fé mar a déarfaidis leat fios a bheith aca cá gcuiridís a gcois. Da bhrigh sin is mó uair a deirid "Go gcuiridh Dia ó bhás dhorcha na h-oidhche sin."
Níor thaithin an t-acrann ná aon dritheáir leis, leis na sean daoine, agus ar eagla go mbeidís san achrann sé an foidhne an comh-ghualainn is láidre a bheadh le fághail aca. Seó é an paidir a deirtear:-"Solus na soillse dhúinn agus radharc na Tríonóide agus grásta na foidhne dhúinn in aghaidh na h-éágcóra, agus go ndeinidh Dia treó dhúinn, agus an Mhaighdhean Ghlórmhar."
Nuair a bhíodh duine ag cogailt na teine, seó é an paidir a deireadh sé."Coigilím-se an teine seo, fé mar a choigligheann Dia cách, Brighid ina mbun agus Mac Mhuire in a lár, agus na trí h-aingil is mó chómhacht i gcúirt na ngrás; go dtugaid air do'n tigh seo, agus dá mhuinntir go lá."
Seo paidir in aghaidh trom luighe"Anna iseadh mathair Mhuire, agus Muire 'seadh máthair Chriost, agus Elizabeth máthair Naomh Eoin Baiste, an triúr sin idir mé féin agus galar na leapthan."(leanann ar an chéad leathanach eile)