Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “An Aimsear”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do leagadh Droiceadh na Cabhlaighe i gCabhlach i bparóisde na Faille Móíre tímcheall deich bliadhna is dachad ó shoin agus do leagadh Droicheadh na h-Íne i bparóisde na Dromnoide an bliadhain chéádna. Do báthad bean san tuilleadh seo. Do leag Droichead na h-Íne, agus deireadh a mhac i gcionn bliadhna "bliadhain is an lá amáirigh do báthad mo mháthair, is dá ngeóbhadh sí tímcheall bheadh sí sa bhaile indiu" Deireann na sean-daoine nár tháinig lá Aonaigh an Phuic riamh gan tuille do theacht cúpla lá roimis nó in a dhiaid agus nár tháínig lá Mhíchíl riamh gan gála gaoidhte móíre do thabhairt léi. Deirtear gur coilleach spéire a bíonn ag séideadh na mbolg, is bun leis an ngaoith. Éirigheann an aimsir cun feirge ar nós na ndaoine agus tá an-tionncar aici ar an saoghal na ndaoine. Tá sé ráidhte ná, nuair a thagann duine ar an saoghal go mbeidh an-tsionncar ag an réalt a bíonn ag taithneamh san am, air i rith a shaoghal agus in a teannta san pé'n saghas gealaighe a bíonn ann, gurb í sin an sórt gealaighe a bheidh ann le linn imteachta dó. Deirtear go dtuiteann réíltín ar an dtalamh le linn do dhuine bheith "ag osgailt geataí na bhFlathas" taréis a tréimhse do caitheamh i "bpriosún na bpian" "geataí oscailte agus bóithre réídh go raibh ann nuair a tiocfaidh ár ré."
    Deirtear gurb é an cúis atá le leath-sholas na gealaighe agus le lán-solas na gréine ná:-
    Fadó bhí Dia na Gloire moladh is buidheacas leis ag déanamh aingeal le slat draoideachta agus bhí "fear na n-adharc" ag faire Air. Nuair d'eirigh Sé dá cathaoir do shuidh an Diabhal ann agus ní fágfadh sé é. Do cuireadh an sgéal fé bhráhaid na gréine agus na gealaighe. Dubhairt an grian an cathaoir go léir do bheith ag Dia moladh go deo leis agus níor mhol an gealach ach go mbeadh leath na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge