Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar ghabháíl soir ná siar ar feadh an ama so. Bhíodar mar a bheidís ceangailte de leacacha an teinteáín. Nuair a teastuigheadh uatha du go dtí an siopa, is amhlaidh a bheiridís leó sluaiste, agus dheinidís bóthar tré an sneachta. Dá olc is a bhí an sgéal do deineadh níos measa é, mar do tháínig Jack Frost, agus do choróínig sé an sneachta. God deimhin, níor dhein sé dearmhad gan droichid a chur treasna na h-abhann leis. Tháígheadh na daoine treasna ar an droichid seo, mar ba mhór an slighe comhgair dhóibh iad chun dul in aon áít ar mhaith leó, acht do leag "tuille" na gréíne droichidí seo. D'imthigh an sneachta in a righ agus thuit báisteach ana throm ar feadh trí lá. Go deimhin, níor the an braon í mar n'fheádfadh cosgairt an tseaca gan mianach na Mol do bheith aice, sé sin, bheith go h-an fhuar ar fad. Deirtear gurb í sin an bhliadhain is breaghtha a tháínig ó shoin.
Timcheall dachad bliadhan ó shoin do huit mór chuid sneachtaidh in aon oidhche amháin. Bhí gaoth mhór ann an oidhche céádna, agus do shéid an ghaoth gach ruaine de'n sneachtaidh isteach go gach poll agus cois gach claidhe, i slighe is ná ná raibh aon sneachta le feisgint ins na páirceanna, ná ar na boíthre, ná ar na cnocaibh. De bhárr séideadh an tsneachtaidh seo, tugadh "oidhche an tséideáin" ar an oidhche sin. Bhíodh tuillte mhóra ann fadó, agus ní imthigidís gan díoghbháíl éígin do deanamh i gcomhnuidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)