Scoil: Cathair Samháin

Suíomh:
Cathair Samháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 379

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 379

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Samháin
  2. XML Leathanach 379
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Do bhí fear ann fadó go raibh inghean ana dheas aige agus bhí gach uile dhuine i ngrádh léi. Do bhíodh beirt ógánach ag iarraidh í phósadh. Do taithn fear acha léi ach níor thaitn an fear eile léi.
    An fear nár cuir sí aon tsuim ann do thaghadh sé go minich go tigh a h-athar acht an fear go raibh grádh aici dho ní thaghadh sé acht go h-annamh. B’fhearr leis an athair go bpósfadh sí an búachaill a thaghadh chúcha go minich.
    Shocruig sé ar dhinnéar mór do bheith aige agus thug sé cuireadh do gach aoinne a bhí ar an mbaile. Núair a bhí na daoíne go léir cruinnighthe ar seisean le na h-inghin, “ól deoch anois” ar seisean leis an bhfear is fearr leat sa chuidheachtain seo mar cheap sé go n-ólfadh sí deoch leis an bhfear badh mhaith leis féin. Thóg sí gloine ‘na láimh agus d’feac sí na tímcheall agus annsan dúbhairt sí an t-amhrán seo.
    Ólaim do shláinte a mhic a thigh
    Faoí thuairm shláinte mhinic-nách-dtigh,
    Mo dhíth is mo dhóigh nách é minich nach dtigh
    A thigh cómh minic le minic a thigh.
    Do shuidh sí síos annsan agus níor labhair sí focal an cuid eile de’n lá, agus níor tháinig an fear óg Minic a thigh cúici a thuile mar thuigh sé ná raibh sé ag teastáil agus do phós an cailín a rogha féin le toil a h-athar
    Nóra Ní Conaill,
    Dromcaor,
    An Choirreán,
    Ó’m athair, Muiris Ua Conaill
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chonaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Drom Caor, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Muiris Ua Conaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Drom Caor, Co. Chiarraí