Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 375
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fúair cuid maith daoine bás ins an paróiste seo leis an ocras. Do lobh na prátaí go léir agus aon práta a bhaineada as an dtalamh tóg na daoine féin an galair uaidh nuair ditheadar íad. Bhí ocht muilliún daoine in Éirinn fadó agus níl acht ceithre muilliún daoine ann anois. Chailleadh san droch aimsear íad agus chúaidh chuid maith aca go dtí America.Chuireadh oibhreaca ar siubhal agus glaodís "Oibreaca an Bhúird" ortha. Tá ceann den na bóithre san ag rith ó Chrois Dunló go dtí Gleann Ciotáin. Níor seasamh an obair sin acht cúpla míosa agus aoinne nár fúair bás roimh Nodhlaigh fúar síad bás i Mí na Márta. Nuair a bhí an bóthar á dheanamh annso tháinig fear ó Ghleann Cárthaig agus bí sé ag cur árd a bhí ar an mbóthair de, bhí sé cómh lag leis an ocras gur thuit sé ar an mbóthair agus fúair sé bás an fear bocht.Na Sasanaigh a socruig íad féin san áit seo, agus ar fúid Éireann. Bhí chaoraigh maithe aca agus bulláin reamhra acht fúair na daoine bochta bás inaice leó. Bhíodar ag fághail báis cómh tuigh agus ná raibh acht aon cómhra amháin aca cun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí