Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 383

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 383

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 383
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”
  4. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá alán liosanna san gceanntar seo. Tá lios i bhfeirm Míchíl Uí Chobhthaigh "Lios a Frigheadh" a tugtar mar ainm ar an lios. Tá ceann eile ar aghaidh an leasa san amhach i bhfeirm Míchíl Uí Dugbhaill i mbaile Fearainn "Ceathrú-na-hAbhann."

    Sgéal i dtaobh Leasa:-
    Bhí lios i bfeirm Sheáin Uí Fáilbhe i Cappaganeen, ach do réabhadh an lios. Do chuaidh daoine isteach ann uair amhain agus bí coinneall acha. Bhí seómhraí bréaghta innte agus bhí siad déanta de clochaibh. Nuair a bhíodar ag dul isteach ins na seómraí do lasadar an coinneall, ach do múchadh é "cómh tapaidh agus do lasadar é." Tháinig eagla ortha agus tángadar amhach, agus deirtear go bfuaireadar bás i gcionn seachtmhaine nó mar sin, le h-eagla.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síle Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
  2. An lios atá i bhfeirm Mhíchíl Uí Dughbhaill, tá sé suidte i bpáirc mhóir agus tugtar "Páirc na Leasa" mar ainm ar an bpáirc, agus tá poll mór in-a-lár. Deirtear go bfuil cloch mór mar doras ar "Lios a Frigheadh." Tá casán ag dul ón lios san go páirc i bhfeirm Thomháis Uí Chonchubhair i "gCeathrú-na-hAbhann," deirtear go bhfuil óin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.