Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 493
- XML “Triúr Mic na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nó máighistir a d'iarraidh (máighistir) buachaill thú?" ars an fear leis.
"Aithnigheann tú ar mo chrot gur buachaill a d'iarraidh máighistir mé" ar seisean. "Cad é an págh atá uait má 'seadh? "Dhá phúnt deog igcóir na bliadna" ars an buachaill. "Tá go maith" ars' an máighistir "ach tá margadh eile le déanamh againn. Má gheibheann tusa locht orm-sa chaithfead-sa an dá chluais ó'n gceann díot, agus má gheibhim-sé locht ort-sa caithfir-se an dá chluais ón gceann díom-sa". Bhí an buachaill sásta.
Bhíodar a déanamh go maith go ceann leath-bhliadna. Annsan dubhairt an máighistir leis an mbuachaill rud éigin a dhéanamh ná féadfadh sé a dhéanamh. Dubhairt sé leis an máighistir cionnus mar a bhí. "An aon locht a gheibheann tú air? ar seisean leis. "Seadh, tá go deimhin, muise" ars' an buachaill. "An dá chluais ón gceann díot" ars' an máighistir. Fuair sé a sgian agus gheárr sé annsan iad. Sin é an págh a fuair an fear bocht. Chuaidh sé abhaile go dtí a mháthair gan airgead gan cluasa.
Dubhairt an tarna mhac annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí