Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gort Rúscach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá tobar naomhtha eile ibparóiste Neidín, istigh iReilg "Seana Neidín." Tá fothrach an tséipéil ann leis in aice na fairrge. Is deas an áit in abhfuil sé suidhthe fé charraigh agus srutheán fíor uisce ag rith uaidh isteach sa fairrge. Is le Muire Naomhtha é.Tagann go leór daoine ar an 25adh lá de Lughnasa, agus ar an 25adh de Mí na Márta chun turus do dhéanamh ar an tsean-séipéal. Tá casán le feicsint mór-thímpeall an fothraigh ó chosaídheacht na ndaoine. Nuair a bhionn an turus díolta aca, téigheann siad síos go dtí an tobar; ólann siad an fíor uisce, deineann siad fioghar (?) na croise ar chloc trí h-uaire, cimiligheann siad uisce an tobair ar an páirt atá tinn, deireann siad diasa an Coróin Mhuire, fágann siad rud éigin ar chrann atá ag fás ann, nó ar charraigh, cur i gcás ceirsiúir, paidrín páirteach, cnaipe, pingin; nó rud beag mar sin.
- Bailitheoir
- Eiblín Ní Súilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Leaca Rua, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Leaca Rua, Co. Chiarraí