School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)

Location:
Gortrooskagh, Co. Kerry
Teacher:
Síghle, Bean Uí Thuama
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 056

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 056

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Siolbhrain (Shelbourne)
  2. XML Page 056
  3. XML “Toibreacha Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá tobar naomhtha eile ibparóiste Neidín, istigh iReilg "Seana Neidín." Tá fothrach an tséipéil ann leis in aice na fairrge. Is deas an áit in abhfuil sé suidhthe fé charraigh agus srutheán fíor uisce ag rith uaidh isteach sa fairrge. Is le Muire Naomhtha é.
    Tagann go leór daoine ar an 25adh lá de Lughnasa, agus ar an 25adh de Mí na Márta chun turus do dhéanamh ar an tsean-séipéal. Tá casán le feicsint mór-thímpeall an fothraigh ó chosaídheacht na ndaoine. Nuair a bhionn an turus díolta aca, téigheann siad síos go dtí an tobar; ólann siad an fíor uisce, deineann siad fioghar (?) na croise ar chloc trí h-uaire, cimiligheann siad uisce an tobair ar an páirt atá tinn, deireann siad diasa an Coróin Mhuire, fágann siad rud éigin ar chrann atá ag fás ann, nó ar charraigh, cur i gcás ceirsiúir, paidrín páirteach, cnaipe, pingin; nó rud beag mar sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eiblín Ní Súilleabháin
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Lackaroe, Co. Kerry
    Informant
    Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Lackaroe, Co. Kerry