Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gort Rúscach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- File darb ainm Padraig Ó Loingsigh - (Paidín Buidhe, a bhí mar leas-ainm air) a chúm é seo. Bhíodh sé ag gabháil timceall Gleanna Laoi ag leigheas "fearsaí" ar chapallaibh.Deirtear go raibh "Charms" aige. Cailín aimsire a bhí ag mnaoi darbh ainm dí Máire Ní Thuama, agus bhí sí ana aerach. Bhí Páid ingrádh léi, agus do chum sé an t-amhran seo di, nuair dhíbrigeadh í toisc an Domnach a caitheamh ag ól igCillgarbháin. Ní fios dom cérbh é Páid bocht. Táid go léir marbh anois, beannacht Dé le'n a n-anam.
Bainne an Ghabhair Bháin(I)A Phadraig Uí Sheaghdha tá an séan ort sa sonas go bráthach!Ó innseas mo sgéal duit níor baoghal ná gur thuigis mo chás.Sgaoil chun an féar é, tá an gaorthadh bog clúthmhar faoi bláth,Agus maidin an lae sin do sgeitheadh suas mo mhuga go lámh.(leanann ar an chéad leathanach eile)