Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)

Suíomh:
Gort Rúscach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Síghle, Bean Uí Thuama
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Siolbhrain (Shelbourne)
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Conas Mar a bhFuair an Neidín A hAinm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Connus mar a bhfuair Neidín a hainm.
    Bhí fathach an sa tríomhadh aoise, mar b'ainm do Éin. Bhí an talamh go léir aige ó Chill Garbháin go dtí an Abha Dubh. Aon fhear, nó bean, nó páiste a bheirfeadh sé air sa talamh, d'thógfadh sé leis é, agus do bhainfeadh sé a cheann de, nó dheinfeadh sé gead, & chuirfeadh sé mór-thimcheall a mhuinneál, & chrochfadh sé ar chrann é. Ní bhíodh bó ná capall ar an áit ná mhairbheóchadh sé agus d'íosfadh sé iad.
    Bhí na daoine in a gcruadh-chás. Chuireadar fógra go dtí an Rí Cormac, fear a chur anuas chúca, chun an fháthach d'mhairbhiú. Dubhairt an Rí go dtiocfadh sé féin, ach níor leogradh na Fianna é theacht.
    Tháinig Fionn Mac Cumhail, & triocad fear & capall bán ag gach aoine aca. Do bhuaileadar ar lucht cóisire i Sráid Luimnighe, & chuireadar an rith ortha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Neidín, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ashgrove, Co. Chiarraí