School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)
- Location:
- Gortrooskagh, Co. Kerry
- Teacher: Síghle, Bean Uí Thuama
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Connus mar a bhfuair Neidín a hainm.Bhí fathach an sa tríomhadh aoise, mar b'ainm do Éin. Bhí an talamh go léir aige ó Chill Garbháin go dtí an Abha Dubh. Aon fhear, nó bean, nó páiste a bheirfeadh sé air sa talamh, d'thógfadh sé leis é, agus do bhainfeadh sé a cheann de, nó dheinfeadh sé gead, & chuirfeadh sé mór-thimcheall a mhuinneál, & chrochfadh sé ar chrann é. Ní bhíodh bó ná capall ar an áit ná mhairbheóchadh sé agus d'íosfadh sé iad.
Bhí na daoine in a gcruadh-chás. Chuireadar fógra go dtí an Rí Cormac, fear a chur anuas chúca, chun an fháthach d'mhairbhiú. Dubhairt an Rí go dtiocfadh sé féin, ach níor leogradh na Fianna é theacht.
Tháinig Fionn Mac Cumhail, & triocad fear & capall bán ag gach aoine aca. Do bhuaileadar ar lucht cóisire i Sráid Luimnighe, & chuireadar an rith ortha.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Ceallacháin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ashgrove, Co. Kerry