Scoil: Ráth Mhór (B.) (uimhir rolla 16987)

Suíomh:
An Ráth Mhór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráth Mhór (B.)
  2. XML Leathanach 013
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ann fadó agus bhí sé na cómhnuidhe i dtig mhór san áit in a bhfuil Tig na Sagart anois.

    Bhí fear ann fadó agus bhí sé na chómhnuidhe i dtig mhór san áit in a bhfuil Tig na Sagart anois. Nuair a fúair sé bás cidheadh na daoine mór thimcheall é nuair a bhídír ag dul go dtí an tobar chun uisge a tharraingt abhaile. Connachadar a aghaidh i mbun an tobair. Lá amháin connach fear é thúas ar bhárr chrainn in a shuidhe ar ghéig. Go dtí an lá indhiu níor fhás aon duilleóig ar an gcrann sin.
    Bhí na rudaí sin ag tuitim go dtí gur tháinig na Manaig chun cómhnuidhte san áit sin i Ráth Móir. Annsan dubhairt na Manaig a lán aifreann in aiche an tobair agus níor fhácha aon duine é ríamh ó shoin. Thuit na rudaí sin go léir amach sa bliadhain 1830.

    Dómhnall Ó Muimhneacháin
    16-3-'36
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnaill Ó Muimhneacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ráth Mhór, Co. Chiarraí