Scoil: Ráth Mhór (B.) (uimhir rolla 16987)

Suíomh:
An Ráth Mhór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráth Mhór (B.)
  2. XML Leathanach 068
  3. XML “An Sagart agus an File”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. In Áird Mhóir i ndeire Mumhan do thuit an giota so cainnte seo amach: lá fuar aindeis do b'eadh é.
    Bhí sagart a pharóiste ag gábhailt anuas.
    Labhradhar le céile, acht ambosa (?) thug an sagart fé ndeara boladh an óil ó 'Líam. Bhí an-ghráin ag an sagart as an ól:
    "Bhís ag ól indiu, mo náire thú" ars' an sagart le Líam. "Ó Mhuire a Athair" arsa 'Líám. -
    "A mbeinn ag dul do'n mhargadh is an mhaidin go stuacach
    Gaoth agus fearthainn im' lascadh (?) is im' bhualadh
    Agus greamanna creathadh ag gabhail treasna tríomh ghuailne
    'Sé an cnagaire dearg ba mhaith ar an uair sin
    'Sé bógfadh cun allais, is chuirfeadh lasair (?) im' ghruaidhne,
    Is is duine gan tuiscint dhéarfadh liom-sa cur suas de."

    Leig an sagart gáire breagh as. "Ná h-ól a thuille a Líam" arsa sé (?) agus é ag bailiú leis.

    Mach léighinn a thúg teárma sán Coláiste in Árd Mhoir a thug dom é seo, timcheall deich mbliain ó shóin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Diarmuid Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann