Scoil: Ráth Mhór (B.) (uimhir rolla 16987)
- Suíomh:
- An Ráth Mhór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Cróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Núair a bhí an Muirthéacht san bhFrainnch i ndeire na h-ochtmhadh aoise déug bhí mainistir ag na Cistericans i ndeischirt na Frainnche.Chuireadh dlíghe i bhfeidhim ag chur fhíachaibh ar gach sagart agus bráthar an tír d'fágaint i gcheann cúpla mhí. B'éigin dos na Cistercians an tír d'fágaint leis. Fúairedar áit chómhnuidhthe i ndeischirt Shasana is d'fanadar ann ar feadh tamaill. Bhíodar ar tí dul go dtí Ameriochá ach ar shroisint Shasana dóibh fúaireadar estáit ó dhuine úasail i Dorsetshire.D'fanadar annsan go dtí tar éis catha Waterloo. Tháinigh Ríaghaltas a bhí i bfádbhar an Eaglais Caitilichidhe. Cúalaidh na Manaig i Shasana go raibh Cnoch Mellarí mBrittany le ndíol agus do ceannuigheadar é. Cuir Ríaghaltas na Frainnche long go spesíalta go Shasana cun iad a bhreith abhaile. I dtosach na naomhadh aoise déug a beadh é seo.D'fanadar sochair annsan ar feadh(leanann ar an chéad leathanach eile)