Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- XML Leathanach 214
- XML “Ainmneacha Áiteanna atá sa Cheantar seo i nGaolainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Carraig a CheóilTá ainm aereach ar an áit a bhfuil sé seo. Tá in aice leis, Cathairín Cloch agus an lios ón a bhfuair an baile sin a ainm Lios a Dabhaigh - níl aon Chúnntas ar an Dabhach.Bhí bean a tógadh ar an mbaile á innsint dom féin agus tá sí sin anois 70 bliadhna d'aois - go gcuala a máthair féin an Ceól-sidhe ar an gCarraig sin. Ceól bheidhlín a b'eadh é agus an ceól dob uaignighe dhá gculathas riamh é a deirtear. Do chloistí go minic sa t-seana-shaoghal é ach le deunaighe níl aon trácht air.D'innis Brighid Bean Uí Paircéir dom go raibh fear ag gabháil thar an Carraig oidhche agus go gcuala sé an Ceól sidhe. Stad sé agus phrioc sé leis an fonn agus bhí a cleachtadh. Oidhche amháin do sheinm sé an Fonn sidhe do creideachtann (?) sa tig agus an oidhche sin buaileadh breóite é agus níor eirig sé go ceann sé mhí. Tamall na diaidh sin agus é ag gabháil thar an áit do labhair an guth á rádh. "Ná seinm an port san ar t-anam arís" agus do coiméad sé na rúin (?) é go deo. Rugadh leanbh ar an mbaile cois na Carraige seo - de Mhuinntir Flaithearta agus ní raibh sí ach 16 míosa nuair deineadh sí cronán ba breaghtha dár cuala aoinne riamh - stadadh daoine ag éisteacht léi. Scuabadh í sa deire agus cailleadh í sar a raibh sí 3 bliana. Na púcaí a rug leó í.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hAiniféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Trá Lí, Co. Chiarraí
- Bailitheoir
- na leanaí a bhailigh iad.