Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 019](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0174%2FCBES_0174_019.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 019
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má bhíonn an spéar dearg san oirthear ag éirghe na gréine béidh fearthain roimh deireadh laeTá a mhalairt de sgéal a' baint leis an spéir san iarthar um tráthnóna
Comhartha sneachta néalta boga bána a fheiceál sa tuaisceart
Feictear néalta fionnaidh gabhair sa spéir roimh ghaoith mhóir
Bíonn néalta corcra sa deisceart ar theacht thóirnigheSpéar ar nós ronnaigh sin comhartha (-)Fáinne timcheall na gealaighe sin comhartha fearthainneAlán néalta ag glineamhaint sa spéir sin comhartha seacaIs comhartha báistighe tuar-ceatha a fheiceál
Má bhíonn an Samhain breagh tugtar "Samhradh na Samhna" air
Má thigeann droch-aimsear timcheall teacht na cuaiche tugtar "Gairbhshíon na gCuach" air
Dearg aniar gealach agus grian;
Dearg anoir fearthain agus bior.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Mearáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Nuachabháil, Co. Shligigh