Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)

Suíomh:
Droim Mártain, Co. Shligigh
Múinteoir:
Frank Haran
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Castlerock N.S.
  2. XML Leathanach 017
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a eitleann an fháinleóg go h-íseal is comhartha fearthainne é

    Na préacháin ag eitilt agus ag túirling go tobann sin comhartha báistighe

    Na corraéisg ag iasgaireacht ins na srutháin in-tíre sin comhartha stoirme

    Nuair a thigeann spideóg isteach sa tigh is comhartha seaca é


    Nuair a ghlaodhann an coilleach i lár an lae deirtear go bhfuil sé ag glaodhach i gcóir fearthainne

    Cloistear an lacha ag gagarlaigh go h-árd roimh fearthainn
    Bíonn an crotach ag glaodhach roimh báistigh
    Is deagh-chomhartha é an gabhar deorach a chloisteál

    Nuair a sheasann an chailleach dhubh ar charraig agus í ag greadadh a sgiathán is comhartha báistighe é

    Má ghoireann an chuach ar chrann gan duilleabhar díol do bhó agus ceannuigh arbhar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Mearáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Nuachabháil, Co. Shligigh