Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Ins an tseana shaoghal fadó bhí chailín ann do bhí sí an-díomhain. Théigeadh sí ‘na codladh na haon oidhce gan an tigh a ghlanadh, agus ní cuireadh sí aon nídh ‘na áit féin. Bhí Lios in-aice leis an áit dar bainm do lios na mban fionn. Aon tráthnóna amháin thánadar go léir isteach sa tig dí’n cailín so, agus chuadar go léir ag obair a glanadh an tighe. Thug ceann aca criathar dí agus dúbhradar léi dul dí’n tobar agus lán don chriathar uisge glan a thabhairt chúiche. D’imthigh sí uirthe dí’n tobar. Chuir sí an chriathar isteach ‘san tobar, agus thóg sí suas an chriathar. Bhí sí ann ar feadh tamall mhaith ag cuimhneamh cadh a dhéanfhadhh sí. Ins a’deire do chrom sí ag ghol: Tháinig a Sheanna-máthar chúiche a bhí mharbh le bliadhanta. “A”, ar sise “tá deire leat sa deire a rud dhíomhaoin. Imthigh dí an carn cré ansan in-aice leat. Chaith isteach ins a chriathar é, agus imthigh ort abhaile ag rith, agus chaith isteach ins an úrlár é, agus abair do bhfuil lios na mban fionn go léir fé bárr lasaireach. Nuar imeóidh said go léir uait glan a thigh agus ná bhí a bhfadh leis. Scuab an túrlár. Chuir an luithruigh amach. Chuir an scuaibh in-aice leis an doras. Chuir an tlú in-aice leis an dteine. Caith amach an tuisce salach. Nigh an bórd. Glan an teinteáin, agus tabhair isteach braon uisge glan. Chuir an glas ar an doras” D’imthigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caomhán Ó Ealuighthe
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Thaidhg Mhic Lochlainn
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Aois
    58
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí