School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 141
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Ins an tseana shaoghal fadó bhí chailín ann do bhí sí an-díomhain. Théigeadh sí ‘na codladh na haon oidhce gan an tigh a ghlanadh, agus ní cuireadh sí aon nídh ‘na áit féin. Bhí Lios in-aice leis an áit dar bainm do lios na mban fionn. Aon tráthnóna amháin thánadar go léir isteach sa tig dí’n cailín so, agus chuadar go léir ag obair a glanadh an tighe. Thug ceann aca criathar dí agus dúbhradar léi dul dí’n tobar agus lán don chriathar uisge glan a thabhairt chúiche. D’imthigh sí uirthe dí’n tobar. Chuir sí an chriathar isteach ‘san tobar, agus thóg sí suas an chriathar. Bhí sí ann ar feadh tamall mhaith ag cuimhneamh cadh a dhéanfhadhh sí. Ins a’deire do chrom sí ag ghol: Tháinig a Sheanna-máthar chúiche a bhí mharbh le bliadhanta. “A”, ar sise “tá deire leat sa deire a rud dhíomhaoin. Imthigh dí an carn cré ansan in-aice leat. Chaith isteach ins a chriathar é, agus imthigh ort abhaile ag rith, agus chaith isteach ins an úrlár é, agus abair do bhfuil lios na mban fionn go léir fé bárr lasaireach. Nuar imeóidh said go léir uait glan a thigh agus ná bhí a bhfadh leis. Scuab an túrlár. Chuir an luithruigh amach. Chuir an scuaibh in-aice leis an doras. Chuir an tlú in-aice leis an dteine. Caith amach an tuisce salach. Nigh an bórd. Glan an teinteáin, agus tabhair isteach braon uisge glan. Chuir an glas ar an doras” D’imthigh(continues on next page)- Collector
- Caomhán Ó Ealuighthe
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Bean Thaidhg Mhic Lochlainn
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry