Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Ní a Fuaradh i bhFolach”
  4. XML “Lios na Gaoithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nidh a fuaradh I bhfolach
    Lá da raibh Tadhg Ó Briain agus a mhach Dómnall ag baint móna I bportach I Lónairt. Nuair a bhuail an sleán rud éigin cosamhail le cloich. Ansan do rómhair Tadhg fé’n nídh sin agus cad a bhí ann ac fircín ime. Do thóg se abhaile d’á bhean é, bhí iongnadh uirthi. Ní raibh aon mhaith ann act cun an cáir do sméaradh.
    Pádruig Ó Coistealbh Glaise a bhailig VII Rang
    Ó. Bhríghid bean Phádraig Uí Choncúbhair, Glaise, 90bl
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Chuala sgéal mar gheall ar lios na gaoithe, bhí bean ann agus mac aici. Óidhche amháin fuair an mach breoiteacht agus chuaidh an mháthair amach ag lorg bainne. Chonnaich sí bó bhán istig san pháirc i-naice na leasa. Chuaidh sí isteach agus do chrúdhaig sí an bhó. An tarna oidhche tháinig sí agus bhí bhean eile ann. Dúbhairt an bhean eile léi go bhfaighead sísírud ná líonfadh an bhó agus fuair si criathair. Do thosnuig sí an bhó do crúdadh síos tríd an gcríathair bhíodar ag troid nuair d’eirig gaoth mhór agus do sciobh sí an bhó isteach san lios agus is é seo an fáth a glaodhtar lios na gaoithe air.
    Pádruig Ó Coistelbh Glaise a bhailigh VII Rang
    Ó Bhríghid, bean Pádraig Uí Conchúbair, Glaise, 90bl
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ó Coistelbh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Pádruig Uí Chonchúbhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    90
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí