Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 051

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 051

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 051
  3. XML “Piseoga”
  4. XML “Comhartha na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ni ceart comhgar do ghabháil ag dul go tóramh nú ag teacht abhaile.
    Ní thugann na daoine bainne saor d'aoinne lá bealtaine gan salann do cur ann.
    Deirtear nach ceart tigh do thógáil ar sean casán.
    Deirtear nach ceart do sparán d'oscailt ná do cuid nótaí airgid do thógaint as do phóca i lár an aonaigh nú amuigh sa sráid ar eagla go gcuirfeadh éinne an droch shúi air.
    Deireann na daoine go bhfuil sé mí-ádhmharach d'einne dul abhaile 'na aonar ó thóramh tar éis a dó-dhéag a clog san oidhche agus gur cearta fanamhaint go dtí tar éis glaodhach an choilig.
    Padruigh Ó Séaghdha, Na Dúmhacha, IV Rang.
    Ó Mícheál Ó Séaghdha, Na Dúmhacha, 60bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.