Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 690
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Is fearr rith maith maith ná droch-sheasamh,"
"Bíonn leachaca sleamhnuighthe ar tighthe dhaoine uaisle,"
Mair capall agus gheobhair féar,"
"Seasamh fada cosa laga doras tighe gan truagh,"
"A Rígh na glóire go bhfóiridh an té pósaidh droch-fhear,"
"Más maith leat a bheidh buan caith fuar agus teich,"
"Nigheacháin an Sathairn bíonn sé geal Dé Domhnaigh,"
"Ní bhíonn Satharn san bliain ná séideann an ghrian,"
"Is minic a dheineann braimín cinn gioballach capaillín cumasach,"
"Is fearr coigilt ar dtúis ná ar deireadh,"
"An rud a bí - bíonn sé,"
"An té ná fuil láidir, ní foláir do bheith glic,"
"An té a bhíonn suas, óltar deoch air, is an té a bhíonn síos luightear cos air,"
"An rud is annamh is iongntach,"
"Is fearr an t-aon mhaith atá, ná an dá mhaith bhí,"
"An té le nách truagh do chás ná teigheann do gráin leis,"
"B'fhada an lá tagann an oidhche agus ní thagann an óige go deo ná choidhche,"
"Ná bí cruaidh agus ná bí bog,"
"Bean ruadh, tosach is luath,"
"Tigh i mbéal bóthair, ní theastair é comhngar,"
"Ná caith an t-uisge slach amach go dtí go mbeidh an t-uisge glan istigh agat,"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Cúrnáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45