Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 655
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Maidin ceóigh nuair a eirighim agus mé ag gabháil tré bharr na gaibhle”
Maidin ceoigh nuair a eirighim agus mé ag gabháil tré bharr na gaibhle
Ansúd a bhuaileadh in threighid mé ná léighisfach na leagha
Nuair a casadh orm mo mhaighdean i lúb na coille grinne
Do phreab mo chroidhe ó'n ngréim
Mar ba aidhm liom í fhagháil.Is fíor gur thugas grádh dhuit
Mo cú, mo léir, mo lán dúigh ná eirigheann tú liom,
Dá tabharfainn póg is fáilte dod' bhéilín tanaidhe breágh deas
Do comhartha go bhfuilim i ngrádh leat
Seo mo lámh duit a rún.Tá teampall ar a dtaobh-so go bhfuil túma ró dheas déanta
Chun mo ceithre géag-sa go léir chur ann síos
Geallaim-se dhuit a spéir-bhean
Mara dtugaidh tú seal im fhéachaint
Is baoghalach agus is baoghal dom gur daor ort mo chúis.A ógánaigh uaim má b'féidir gur fírinne a deireann tú féin liom
Ní leigfinn-se fé'n gcré thú a' mbfeidir liom thú leigheas
Ta mo charad ar gach taobh liom
Ní leig siad dom corraighe in aon-chor
Mara dtabharad cúntas géar dóibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Churtáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Fhlaithaimh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí