Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 637

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 637

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Leathanach 637
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. C. Bíonn sé thoir bíonn sé thiar bíonn sé i ngáirdín mBaile Atha Cliath is mó greim ná greim caipeall agus ní íosfad sé biadh.
    F. Speal
    C. Bairrille ar an dtráig agus a dá ceann dunta
    F. Ubh
    C. Tá tigín beag agamsa agus ní suighfheadh luc ann, agus ní féidir lé haon fear na fuinneóga do cóireamh ann.
    F. Méaracán.
    C. Chuas suas an bhóithirín thána anuas an bhóithirín agus thugas an bhóithirín ar mo dhroim.
    F. Dréimire.
    C. Lán na páirce de bhuaibh bána agus bó mór dearg eatartha istigh.
    F. M'fiacla agus m'theanga.
    C. Címse é agus ní fheiceann tú é agus tá sé níos giorra duitse ná mar atá sé domhsa.
    F. Cúl do cinn.
    Bíonn sé ag corruighe agus ní corruigheann as an áit.
    F. Earball muice.
    Caitlín Ní Chiabháin
    Fuaireas iad so ó Thomás Ó Chiabháin 87bl
    Abhainn-a' sgáil
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Chiabháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Chiabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí