Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 688

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 688

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Leathanach 688
  3. XML “Seanráite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dá gcuirfeá scáth fearthainne ó do chionn istigh i dtigh deirtear ná fásfa a thuille.
    Deirtear gur ceart an clog do stopadh nuair a gheibheann duine bás san tigh.
    Deirtear ná bíonn aon rath ag iascaire dá dtárlochadh bean ruadh air agus é ag dul fé dhéin na farraige.
    Deirtear ná fuil sé ceart filleadh thar nais nuair a chuirfeá chun bothair.
    Má tá leabaidh déanta de' adhmad raice agat deirtear na faghfá bás go mbeidhfeá an-aosta.
    Deirtear go bhfuil sé adhmharach do dhuine bheadh ag dul ag déamamh cleamhnas dá ndéanfaoí sean-bhróg a chaitheamh na dhiaidh.
    Deirtear nach ceart do bhróga a chur suas ar an mbord mar bheithfá ag troid le duine éigin. Comhartha bruighne do bhróga do chur ar an mbórd.
    Deirtear go mbeidh seacht bliadhna de mhí-ádh agat dá mbrisfeá scáthan.
    Deirtear nach ceart luaithreach nú uisge a bheadh faghtha tar-éis do chosa a nigh, do chaitheamh amach san oidhche nú beadh trioblóid éigin agat.
    Deirtear gur ceart dul amach an doras a tháinís asteach.
    Nóra Ní Chúrnáin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Cúrnáin
    Inscne
    Baineann