Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 659
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios i bhfeirm Mhuinntir an Fheirtéirigh i mBreach Chluain. 'Sé an ainm a nglaotar air ná Lios na gCraobh.Tá sé ana fhada agus tá sé ag dul síos timcheall ceathrú míle shlighe fé'n dtalamh go dtí lios Phádraigh Uí Ruacháin. Tá alán doras beag istigh ann.Tá poll in aice leis ar a nglaodhtar Poll na gCapall. Deirtear go raibh reilg taobh thuaidh de'n scoil. Cúpla bliadhain ó shin bhí fear ag treabhadh agus bhí cloch mhór leathan ar a shlighe bhí se chun é thógaint as an áit an lá san ach do dhearmhad sé é, agus an lá na dhiaidh sin tháinig sé fein agus fear eile chun é thógaint suas. Lá breágh do b'eadh é agus nuair a chuireadar a lámh uirthi thainigh tóirnigh agus tinntrigh agus báisteach, agus b'éigin leó stopadh tháinigh sgeon ortha agus níor baineadh léi ó shoin.Siobhán Ní Churtáin
Fuaireas é seo ó
Máire Ní Dhomhnaill 56 bl.
Abhainn-a'-Sgáil- Bailitheoir
- Siobhán Ní Churtáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí