Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 664

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 664

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Leathanach 664
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ta áit ar an dtaobh thuaidh de Loch Sgáil i gCnoc Drom-Abhaile 'na raibh Cuchulainn 'na chomhnaidhe ann.
    Do bhí caisleán ináirde ar bhárr an chnuic aige bhí "Regiment" saighdiúirí in a seasamh ar fhaid an chnuic. Sé bhí ins na saighdiúirí ná clocha mór fada na seasamh agus sgraitín mar caipín ortha. Nuair a fhéacfá suas ortha do thabharfá an leabhar gurbh fearaibh iad.
    Tháinig fathach ó áit eile agus chuir sé féin agus a shaighdúirí fútha ins an áit ar a glaodhtar Cromán. Ciafá an caisleán ó Chromán. Do chaith Cromán luaidhe suas go dtí Cuchulainn agus do bhí an bheirt fathach ag caitheamh ar feadh dhá lá agus bhí Cuchulainn ag faghail an lámh uachtair ar Cromán.
    Do bhí Cromán á ullamhughadh féin cun imtheacht leo. Do chaith Cuchulainn luaidhe do Cromán ach spiunóg a caith sé. Nuair a chonaic Cromán cad a chuaidh ag triall air d'aithin sé ná raibh a thuille luaidhe aige. Do lean Cromán a beith caitheamh agus do leag sé caisleán Cuchulainn agus tá an fothrach ann fós.
    Siobhán Ní Cinnéide
    Fuaires an sgéal seo ó
    Muiris Ó Ceinnéide 86 bl.
    Cam-Dubh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Cú Chulainn (~40)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Ceinnéide
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Ceinnéide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Seoladh
    An Com Dubh, Co. Chiarraí