School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Néill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (C.)
- XML Page 690
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Is fearr rith maith maith ná droch-sheasamh,"
"Bíonn leachaca sleamhnuighthe ar tighthe dhaoine uaisle,"
Mair capall agus gheobhair féar,"
"Seasamh fada cosa laga doras tighe gan truagh,"
"A Rígh na glóire go bhfóiridh an té pósaidh droch-fhear,"
"Más maith leat a bheidh buan caith fuar agus teich,"
"Nigheacháin an Sathairn bíonn sé geal Dé Domhnaigh,"
"Ní bhíonn Satharn san bliain ná séideann an ghrian,"
"Is minic a dheineann braimín cinn gioballach capaillín cumasach,"
"Is fearr coigilt ar dtúis ná ar deireadh,"
"An rud a bí - bíonn sé,"
"An té ná fuil láidir, ní foláir do bheith glic,"
"An té a bhíonn suas, óltar deoch air, is an té a bhíonn síos luightear cos air,"
"An rud is annamh is iongntach,"
"Is fearr an t-aon mhaith atá, ná an dá mhaith bhí,"
"An té le nách truagh do chás ná teigheann do gráin leis,"
"B'fhada an lá tagann an oidhche agus ní thagann an óige go deo ná choidhche,"
"Ná bí cruaidh agus ná bí bog,"
"Bean ruadh, tosach is luath,"
"Tigh i mbéal bóthair, ní theastair é comhngar,"
"Ná caith an t-uisge slach amach go dtí go mbeidh an t-uisge glan istigh agat,"(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Cúrnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Cúrnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45