School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Néill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (C.)
- XML Page 664
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ta áit ar an dtaobh thuaidh de Loch Sgáil i gCnoc Drom-Abhaile 'na raibh Cuchulainn 'na chomhnaidhe ann.
Do bhí caisleán ináirde ar bhárr an chnuic aige bhí "Regiment" saighdiúirí in a seasamh ar fhaid an chnuic. Sé bhí ins na saighdiúirí ná clocha mór fada na seasamh agus sgraitín mar caipín ortha. Nuair a fhéacfá suas ortha do thabharfá an leabhar gurbh fearaibh iad.
Tháinig fathach ó áit eile agus chuir sé féin agus a shaighdúirí fútha ins an áit ar a glaodhtar Cromán. Ciafá an caisleán ó Chromán. Do chaith Cromán luaidhe suas go dtí Cuchulainn agus do bhí an bheirt fathach ag caitheamh ar feadh dhá lá agus bhí Cuchulainn ag faghail an lámh uachtair ar Cromán.
Do bhí Cromán á ullamhughadh féin cun imtheacht leo. Do chaith Cuchulainn luaidhe do Cromán ach spiunóg a caith sé. Nuair a chonaic Cromán cad a chuaidh ag triall air d'aithin sé ná raibh a thuille luaidhe aige. Do lean Cromán a beith caitheamh agus do leag sé caisleán Cuchulainn agus tá an fothrach ann fós.Siobhán Ní Cinnéide
Fuaires an sgéal seo ó
Muiris Ó Ceinnéide 86 bl.
Cam-Dubh.- Collector
- Siobhán Ní Ceinnéide
- Gender
- Female
- Informant
- Muiris Ó Ceinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Coumduff, Co. Kerry