School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Néill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (C.)
- XML Page 669
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá áit inaice le Loch Sgáil agus bhí tigh ann fadó. Domhnaigh amháin do chuaidh muintear an tighe go dtí an t-Aifreann agus d'fhágadar cúpla gearrcail istigh. Do chuireadar píosa feóla ag róstádh agus bolath deas aisti. Tháinig eascú mór aníos an abhainn agus chuaidh sí isteach san tigh agus chuir sí a ceann isteach i bpota a bhí taobh istigh de'n doras agus níorbh féidir léi é do thógaint amach agus chuaidh sí síos an abhann airís agus glaodtar "sgeal the pot" air.
- Fadó, fadó bhí duine in a chomhnuidhe in aice le Loch Sgáil. Lá amháin do chuaidh a fear agus a bhean go dtí an t-Aifreann, d'fhágadar a gclann istigh i bhfaighil an tighe. Nuair a bhíodar ag ullmhú an dinnéar, bhí abha in aice leis an tigh san, do tháinig bean amach as an abhainn, do chuaidh sí isteach ins an dtigh in a raibh na cailíní a bhí ullmhú an dinnéir. Do thóg sí an dinnéar agus d'imthigh sí.