Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Feamnach mar Leasú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    oirfidís in aon chor i bhFaill a' tSrutháin anois. Bhí an áit ró-gharbh agus ró doimhin. Bhí fear ó Baile Roistín lá theas i bhFaill a tSruthain agus níor tháinig aon biadh chuige ann. Ní fheadar ca'na taobh. B'fhéidir ná raibh fhios ag an mhuinntir sa bhaile cá raibh sé agus i gcaitheamh an tráthnóna thuit an fear bocht de'n ocras, idir dhá chúil feamnaighe. An fhaid a bhí sé ar an dtalamh níor dhein san do gan bheith ag tarrac na feamnaighe as chúil an fhir thall agus á cur 'na chúil féin agus anois agus airís chuireadh sé glam as, "prapaí nó an sagart" a deireadh sé. Más speabhraoidí a bhí air nách maith nách ó na chúil fhéin a bhí sé a cur ar chúil an fhir thall.
    Bhíodh líontán leis acu. Dheinidís féin na líontáin de chórda (twine) ar nós líon-iasgaig. Bhíodh téad-bhuínn agus téad uachtair air agus bhíodh cléith adhmaid ar gach ceann de. Bhíodh beirt ar an líontán agus greim ag gach ceann acu ar chleith á choimeád 'na sheasamh agus théighidís lasmuich de'n bhfamnaig agus go minic an tonn ag gabháilt lastuas díobh. Nuair a thugaidís isteach i mbéal tuinne é bhíodh cabhair i mBéal na Tuinne rómpa chun an fheamnach a thógaint uatha. Nuair a bhíodh an t-uisge fé'n líontán b'fhuirist é dh'fholamhú ach é iompó amach. Ach nuair a dh'imthigheadh an tonn uaig bhíodh ana duagh á iompó 'mac. I gCúl -dorcha, ar an bhFeóthanaig, bhí sluagh mór ar an dtráig ag faire le h-uain agus bhí an fheamnach na cnocán lasmuich ach bheadh ar daoine tabhairt fé leis na líontáin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann