Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “An Chéad Bhancaeir a Bhí sa Daingean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An chéad bhancaér a bhí sa Daingean De Córsaí ab' ainm do agus bhí an banc mar a' bhfuil an Ceárnígí anois agus é tamall isteach ó'n sráid.
    Lá ná raibh puínn greithileáin ar an "meainidséir" bhí sé ag innsint do chuid acu bhí ann go raibh feirm mhór mhaith aige'n athair sa bhaile agus bhíodh mitheal fear ag obair i gcómhnuidhe aige. Bhí lios i bpáirc leis agus é lán de lutharnach agus bhí sé ag déanamh ana mhearbhaill do mar loit sé an fheirm dar leis.
    Thug sé órdú dos na fearaibh oibre dul agus an lios do raobadh. Ní raibh aon dul as acu san ach go gcaithfidís é dhéanamh nó fhágaint. D'iarr na fearaibh air féin an chéad fhód a bhaint mar thosnú ar an obair, mar ná raibh aon duine 'cu féin a bhainfeadh an chéad fhód san.Dubhairt seisean go mbainfeadh sé féin é.
    Nuair a thángadar i láthair na babhtála agus sluaiste agus raimhne agus úirlisí acu labhair fear acu agus d'iarr sé ar an "mhuinntir-istig" má bhí aon nidh le h-agairt acu gan é agairt ar an lucht oibre mar nár bh'iad fé ndeara é ach, é agairt ar an té ba bhun leis an obair.
    Bhí sgamall beag dubh sa spéir os a gcionn - ar a shon gur lá breágh geal gréine a bhí ann - thosnuig an sgamall ag ísliú agus ag leathanú gur tháinig sé na dtímcheall istig sa lios i slighe is go raibh sé chómh dorchadh le h-oidhche pice agus ná féadfadh aoinne acu an duine ba ghiorra do a dh'fheisgint. Nuair a ghlan an ceó agus an doircheacht is amhlaidh a bhí an feirmeóir agus é dubh-dorchadh gan léas radhairc' aige agus bhí sé amhlaidh go dtí lá a bháis, tamall maith de bhlianta na dhiaidh san. Níor imthig má-gáinne ar aoinne eile a bhí ann agus tá'n lios riamh ó shoin gan aon c'risteacht a chur air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge