Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 070
- XML “Siobhán na nGíleach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san do ghaibh bean siúbhail an treó, ó'n áit gur b'as an cailín de. Agus d'aithin sí an cailín láithreach agus do chuir sí gach tuairisg uirthe. Nuair a chuaidh sí abhaile d'inis sí an sgéal go léir do mháthair an chailín. Do ghluais an mháthair ar thuairisg na h-inghne ach sar a shrois sí tarmain (tearmain)
Fhionáin do bhuail an droch-aicíd, an Calara, a bhí ag imtheacht an uair sin, í. Tá sé ráidhte gur fhág Naomh Fíonán mar bhuadh ag an líomatáiste atá ó Ghleann Shiobháinín Eóin go fairrge agus ó Lóndrach go Cnoc ná féadfadh an Calara teacht go deó ar aon duine a bhí na chómhnaidhe ann. Is mar gheall air sin a tugtaí Tarmain Fíonáin ar an áit. Ní fhéadfadh an tseana bhean bás d'fhágail sa Tarmain ar a shon go raibh sí á snaidhe leis an ngalar. D'órduig an sagart dóibh í thógaint amach thar teórainn an tarmain. Thógadar sall treasna na srúlach í go taobh Dhún Séan agus chuireadar na luighe ar lic annsan í. Leac Shiobhán na nGíleach a tugtar ar an lic sin riamh ó shoin. Ar an lic sin a síneadh an bhean bhocht chun bás d'fhághail agus is ann a cailleadh í.
Tá an leac san ar chladach na Trágha Bige ann fós ar thalamh an Imlig. Ar thalamh Dhún Séan a bhí sí na seasamh ar dtúis go dtí gur thóg Chute í go Chute Hall in aice Thráighlí. Déarfadh daoine leat ná raibh rí ná rath ar Chute ná ar a mhuinntir ná ar a ainmhidhthe an fhaid a bhí an leac aige ann i slighe is gur b'éigean do í chur thar nais mar a bhfuair sé í. Ach nuair a tugadh thar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí