Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deire leis an bpátrún mar gheall air. Bhí an sagart parróiste ar éirleach an Domhnach na dhiaidh san agus bhí sé chun a mallacht agus mallacht na h.Eaglaise do chur ar an mbaile tar éis an cipineach a bhí ar an bpátrún,ach déirig bean ar an bpobal agus adubhairt
" A Shagairt na n-ae 'stig
lagaig do bhréithre
Tá Cinn. Áird Naomhtha
Do thúrlaig Naomh ann
Fionán gléigeal,
Ach má tá ann aoinne
(nó má tá cúis ar aoinne)
gan creideamh gan daonacht
Agair ar héin é
Is ná cuir ar an mbaile go léir é.""Dar mo phortús a bhean mhaith". arsa'n sagart,"ach go bhfuil an ceart agat"
Tá na trí toibreacha ann agus tugtar an turus ann go féilteamhanta fós- Tobar Muire, Tobar Fionáin agus Tobar Michíl. Nuair a bhí Naomh Mícheál agus Naomh Fionán ag teacht ón Sgeilg chuir ceó amú iad agus ní raibh fhios acu cá rabhadar nuair a thángadar i dtír ar Thráigh Chathaill. Chuadar fé dhéin an chnuic ach bhí tart ag goilleamhaint ortha agus gan braon uisge le fághail. Do ghuidheadar chun Dé uisge sholáthar dóibh agus do ghluais tobar áluinn fíor-uisge aníos fé chosaibh gach duine acu ag bun an chnuic annsúd. Annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)