Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus deineadh gnó glan de'n mbean bhocht. Sin í a thug a h-ainm dos na sléibhte san. Nuair a thuit an oidhche d'éirig leis na tuatha éalú leó imeasg na ngleann ach ar áth-mhaidin lá'r na mháireach nár tháinig sluagh de Chlanna Míleadh tímcheall ar dhream des na Tuatha sa ghleann agus do tugadh cath fuilteach sa cham ann agus deirtear gur marbhuigheadh gach aon duine riamh des na Tuatha agus dá cómhartha san féin tá na saghdanna le nar throid na Tuatha bochta le feisgint sa phortach ann fós. Ba bheag a'beann a bheadh indiu ar a leithéid d'arm.Bhí gréasaidhe ó'n Leitriúch ag obair sa pharróiste seo tamall maith de bhlianta ó shoin agus lá Sathairn agus é ag cur an cómhgair síos dó nár tháinig ceó gan choinne air. Bhí sé ag máineáil tímcheall ar feadh tamaill ach sa deire bhuail chairrg mhór leis agus siúd fúithe isteach é chun an oidhche do chaitheamh ann. Nuair a gheal sé lá'r na mháireach bhí an ceó éirighthe agus bhí an gréasaidhe ag cur chun bóthair airís nuair a chonnaic sé tarbh mór tamall uaidh, Agus ar nós natarbhaí a bhíodh annso thall ar an gcoimín aigesna hÁsaig, cuireadh macalla na bhfailltreacha ar dearg bhuile iad i slighe nár leómhadh d'aoinne dul na radharc. Chómh luath is luig an tarbh súil ar an ngréasaidhe leig sé búirt as a chrith an sliabh le macalla agus siúd fé dhéin an ghréasaidhe é. Ba mhaith an mhaise aige'n ngréasaidhe é nár b'fhada ó Chairrg an chabha é, siúd fé dhein na cairrge é agus isteach fe'n gcabh leis. Do dhein an tarbh treabhadh agus raobadh agus rómhradh tímcheall na cairrge ach ní fhéadfadh sé teacht ar an ngréasaidhe. Tugadh sé seáp amach ó'n gcairrg agus tímcheall agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí