School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsan daithin sé nárbh bhé a bhí ann aonanchor agus ba chuma leis cad a imteóghadh air.
Maidean dé Domhnaig do beadh é seó agus do chuimhnig sé ar dhul go dtí an Aifreann. Do shualaig sé leis agus shuidh sé air chlaidhe an tSaipéil agus ba geárr go duine air duine ag teacht. Do chonnaic sé beirt fhear ón mbaile d-ar leis ag cainnt lé chéile ar an gclaidhe agus dhruid sé sall leó agus diarraidh dóibh an bé a bhí ann ach dúrbhadar nárbh é. Ach bhíodar san cómhairlithe ag a bhean chun é sin a rádh.
Ba gheárr go ngaibh an fear nochtaí aníos an sápéal agus bhí gach aoine ag gáirdhe. Annsan ach a raibh na haoinne bailuighthe isteach an tSaipéal tháinig an sagart ar an althár agus nuair diompaig sé amach deirig an tharna mádán na sesamh agus dúbhairt leis an sagart go dtáinig aingheall chuige féin na chodhladh agus go mbearaig sé a cheann ar nósh sagairt agus go ndúbhairt sé leis go bé féin a bheadh na sagart annso an Domhnach seo chughainn. Annsan tháinig na triúr m'ná léi chéile agus sh-ocarruigdear go bhí an bhean a thug an brannda d-á fear agus a chuir an culaith saighdura air a fuair an fáinne óir.- Collector
- Gearóid O Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Informant
- Tomás Ruiséal
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Address
- Baile na nGall, Co. Chiarraí