Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 201
- XML “An Gairdín Bua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuige agus chomhairligh sí é fé mar dhein an sprideóigín. Nuair bhí mac Rí Éireann ag déanamh ar an stábla ní tháinig sé anuas. Tar éis tamail tháinig sé anuas de'n gcapall agus thuit a chodlaidh air. Bhí an slipéir in a phóca agus chuir sé isteach i bpoll san bhfalla é. Bhí driothár leis ag siubhal mór timcheall agus chonnaic sé na h-ubhla. Thóg sé amach iad agus thug dá aithir le n-ithe iad. Tar éis tamaill bhí an rí chomh maith agus bhí sé riamh. Annsan dubhairt an mac eile go raibh an driotháir thiar sa stábla agus é ar meisge. "Tabhair isteach chugam é agus marbhóchadh é" "Á ná dein a leithéid ach dein poll agus caith síos ann é agus faghadh sé bás" arsa a athair. Deineadh an poll agus caitheadh síos ann é.
Timcheall seachtain ina dhiaidh sín tháinig bean óg go dtí doras an rí agus chnag. Tháinig mac an rí amach chuice. "An rabhais i nGáirdín buad? ar sí sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cathain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leataoibh Beag, Co. Chiarraí