Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí feirmeóir mór pósta i n-Oileán Chiarraighe fadó agus bhíodh cailín aimsire aige. Ní bhíodh puinn oibre lé déanamh aici. Nuair a thagadh aimsir dínnéar shuidhfidís go léir chun búird agus chromadh an cailín ar ghol. Deireadh sí :
    Is truagh gan mise thiar
    San áit a roinntear an biadh
    Go fairsing is go fial.
    Bé an sgéal céanda é aici gach lá agus bhíodh an feirmeóir bodhar aici.
    Aon Sathairn amháin dúbhairt sé lé na mnaoí go raghadh sé go tigh an chailín i bhFionntrágha. Dhein sé é féin suas i gclódh bacaigh agus chuir sé feasóg bréige air. Dúbhairt sé leis an cailín go raibh sé ag dul ar aonach. Seo leis ag siúbhal nú gur bhain sé Fionntrága amach. Fuair sé eolas an tíghe ó dhuine éigean.
    Nuair a chuaidh sé go dtí an geata chonnaic sé botháinín beag agus scata gabhair tímcheall air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Ghairbhíghe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Luibhéadh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Íochtarach, Co. Chiarraí