Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 184
- XML “Táilliúirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh na táilliúrí tuaithe ag imteacht ó thigh go tigh fadó ag déanamh éadaigh do luith an tíghe - fin is buachaillí móra. Anáirde ar am mbórd do shuidhidís sé sin dá mbeadh bórd sa tigh, nó ar úrlár dá mba rud é ná beadh bórd ann. Ós coinnibh na fuinneóige isteach a bhíodh an bórd nó dá mbeadh an fuinneóg ró bheag, ró shuarach lastuigh do dhoras chaireadh sé fé agus an leath cómhla dúnta.
Bhíodh siosúr, meisiúr, mearacán, snáthad ianainn, agus cailt ag gach tailiúr. Thugadh sé leath-bhórd leis muna mbeadh ceann sa tig. Blúire adhmuid do bheadh an leath-bód so cúpla troigh ar fhaid, ceol na bharra agus biann na bhun agus órlach ar aoirde. Bhíodh sé áisiúil lé sáth isteach i muinnchile casóige nó cos brísde. Muna mbeadh bannlá sa tigh chaithfeadh an tailiúir ceann do sholáthar. B'sin é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cathain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leataoibh Beag, Co. Chiarraí