Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 242
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbéal an pháiste agus sgriob an páiste an mhéar dhe. Annsin thosuigh an tsean bhean ag reidhteach dinnéir don fhathaach; rinne sí tuirtín min coirce, chuir sí leac i gcroidhe an tuirtín agus do róist sí dhá ubh lachan sa teine. Nuair a bhí an dinnéar reidh thosuigh an fathach ag ithe, dubhairt sé go raibh an tuirtín cruaidh agus láidear acht dubhairt sí gurab é an sórt bidh céadna é a bhí sí ag tabhairt dá páistí féin. Rinne an fathach iarracht an tuirtín d'ithe acht bhris sé chuile fiacal a bhí in a chloigeann. In a dhiadh an méid sin d'fhiafruigh sé di cén saghas accilladheachta a bhiodh ag a buachaillí tréis an dinnéir. Theasbáin sí carraig mór a bhí taobh amuigh de'n doras in a raibh fiche tonna meadhchairte. Dubhairt sí go gcaitheadh duine sea an carraig úd treasna an tighe agus go gcaitheadh duine eile acú é treasna arais arís; rinne an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Veronica Murphy
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- John Ginty
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh