Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 559](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_559.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 559
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 559
- XML “Seanphaidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)luighim-se le Dia agus go luighidh Dia liom,
Dhá láimh gheala Dé ós mo cheann
Go raibh Dia féin agus Muire liom
Máthair Rí na Cruinne sinn da gcaomhaint ar gach olc,
Ar thinneas fear, ar thinneas ban
Amhrach ar Muire fá na Mac,
Chuir Brighid fá na brat
Chuir Micheál faoi na sgiath
Agus a chuir Dia fá na neart
Idir sinn agus gaoth na gCnoc
Idir sinn agus sluagh sidhe
Idir sinn agus bás bídh
Idir sinn agus gach olc
Idir sinn agus cathughadh an diabhail.A Mhaighdean glórmhar mhúineach maiseach
Is tú mo stóir, mo lón agus mo thaisge
Is tú an Réalt eolais romham ar gach bealach
Is tú mo eochair tinn agus slán
I nGleann na nDeor go bhfóiridh tú orrainn.
A Mhaighdean cumhachtach, tá an tóir ar an bpeacach
Go nglanaidh tú lamha agus smál gach peaca
Múin dúinn an t-eolas chun na Flaitheas,
Fluich ár ngruadh le grádh do'n Athair
Is ar uair mo bháis go raibh tú againn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Úna Ní Droighneáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe