Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 558
- XML “Seanphaidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Luighim ar mo láimh dheis. Codluighim ar mo láímh chlé,
Aingeal ó'n Spiorad Naomh cumhdach m'anma ar uair mo bháís
An codladh atá ort a mháthair Ó
Ní h-eadh, a mhic, ach cuisle mo mhian
De bhrigh do chuisle mo mhahair go bhfuil tú do stiúradh, go bhfuil tú do d' cheangal go na postaí clocha, go dtáínig an mareach caol-dubh go chuir sé an claidheamh tré do chroidhe, gur leig sé do chuid Fola Fíor-uasal síos leat. Ó is Fíor sin a mháthair.Níl aon duine a déarfadh do phaidir trí h-uaire go bhfuil ag dul go bás-codalta na h-oidhche gur bhaoghal dó damhnú siorraidhe na pianta Ifrinn go bráth.
* * * * *
A Mhaighdean Mhuire agus a mháthair Dé, an t-soillse glégeal atá gan smál, an Coineal Luaithrean atá i bhFlaitheas Dé go raibh tú againn féin ar uair ár mbáis.
Amen.
* * * * *
Íosa Críost, agus Athair an t-Sluagh, leig braon de do thrásta orrainn anuas, a bhogas ár gcroidhe ata i n-a gcarraig le cruadhas agus dhibrigheas na smaoine malluighthe uainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Úna Ní Droighneáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe