Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 556
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé an lá sin nuair a bhí sé ag imtheacht go mbeadh sé sa mbaile arís ag a seacht a chlog. Go díreach ar a seacht d'airigh na seirbhísigh capall agus cárr ag teacht suas chuig an doras, agus bhí iongnamh ortha nuair nach raibh an Tighearna ag teacht isteach, ach bhí sé marbh an t-am seo. Tá daoine i n-a chomhnuidhe sa teach sin fó, Muinntir Boyd, ach tá cúpla seomra fé glas acú i gcomhnuidhe. Ní theigheann aon duine isteach ionnta. Cluintear go leor torrann ionnta gach oidhche. Chuaidh chailín ó'n mbaile seo ar aimsir ann chúpla blian ó shoin, scannruigheadh go mór í, agus tháínig sí abhaile an chéad lá eile.Tighearna maith do b'eadh an Tighearna Clements. Níor chuir sé mórán amach as na tighthibh ná níór chuir sé mórán cíosa ar na daoine. Sin é an Tighearna a roinn an talamh i n-a fheilmeacha faoi mar atá sé anois.
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe