Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gach duine go raibh an Fathach mór marbh agus bhí siad an-bhuidheach do'n fhear a mharbhuigh é.Deirtear go raibh an Fathach seo agus Fathach eile ag troid uair amháín faoi tarbh mór agus bhí an oiread feirge ar an bhFathach a bhí i dTúir Mhic Éidigh gur rug sé ar charraig mhór agus chaith sé leis an bhFathach eile é. "Carraig an Áir" a tugtar air ó shoin. Níl fhios ag na daoine cá raibh an Fathach eile in-a chomhnuidhe acht tá siad ag ceapadh go raibh sé i n-a chomhnuidhe i n-áit éigin i n-aice le Túir Mhic Éidigh.Deirtear go raibh triúr Fathach san áit seo fadó. Bhí teachh an-mhór acu le chéíle. Bhí go leor talamh maith acu agus bhídís ag goid beithidheach ó na daoine san áit. Bhí Fathach eile i nDroma in-aice leis an bhFáirche agus thagadh sé ag troid leo. Bhí fhios ag na daoine an bealach a dtagadh sé agus rinne siad poll mór agus thuit an Fathach síos ann agus marbhuigheadh é. Bhí go leor ór aige agus fuair na daoine é go léir. Bhí na Fathaigh eile an-bhuidheach dho na daoine agus thug siad beithidhigh agus airgead dóibh. Deirtear in a dhiaidh sin gur thosuigh an triúr Fathach ag troid le n-a chéíle agus mharbhuigh duine acu an bheirt eile oidhche agus iad in a gcodladh. Bhí gach rud annsin aige agus d'imthigh sé as an tír agus dubhairt sé go bhfágfadh sé gach rud ag na daoine a b'fhearr a bhí in-ann troid ar a shon.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe