School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gach duine go raibh an Fathach mór marbh agus bhí siad an-bhuidheach do'n fhear a mharbhuigh é.Deirtear go raibh an Fathach seo agus Fathach eile ag troid uair amháín faoi tarbh mór agus bhí an oiread feirge ar an bhFathach a bhí i dTúir Mhic Éidigh gur rug sé ar charraig mhór agus chaith sé leis an bhFathach eile é. "Carraig an Áir" a tugtar air ó shoin. Níl fhios ag na daoine cá raibh an Fathach eile in-a chomhnuidhe acht tá siad ag ceapadh go raibh sé i n-a chomhnuidhe i n-áit éigin i n-aice le Túir Mhic Éidigh.Deirtear go raibh triúr Fathach san áit seo fadó. Bhí teachh an-mhór acu le chéíle. Bhí go leor talamh maith acu agus bhídís ag goid beithidheach ó na daoine san áit. Bhí Fathach eile i nDroma in-aice leis an bhFáirche agus thagadh sé ag troid leo. Bhí fhios ag na daoine an bealach a dtagadh sé agus rinne siad poll mór agus thuit an Fathach síos ann agus marbhuigheadh é. Bhí go leor ór aige agus fuair na daoine é go léir. Bhí na Fathaigh eile an-bhuidheach dho na daoine agus thug siad beithidhigh agus airgead dóibh. Deirtear in a dhiaidh sin gur thosuigh an triúr Fathach ag troid le n-a chéíle agus mharbhuigh duine acu an bheirt eile oidhche agus iad in a gcodladh. Bhí gach rud annsin aige agus d'imthigh sé as an tír agus dubhairt sé go bhfágfadh sé gach rud ag na daoine a b'fhearr a bhí in-ann troid ar a shon.
- Informant
- Pádraig Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway