Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 493
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig an Droch-shaoghal san áit seo agus cailleadh go leor daoine ar thaobh na mbóithre an uair sin. Bhí i bhfad níos mó daoine in a gcomhnaidhe sa tír seo thar mar atá anois. Lobh na fataí ins na puill agus ins na tighthe. Sé an síol a bhí ag na daoine an dara blian ná na súilí a bhaint as na fataí agus iad do scaipeadh san ithir. Ní raibh aon biadh le n-ithe ag na daoine bochta nuair a theip ar na fataí agus cailleadh go leor daoine le fiabhras agus le ocras.In aimsir an ghorta bhí go leor protastúnaigh sa Dún agus thugaidís biadh do gach duine a leanfadh iad ach b'fearr le na daoine bás d'fhághail ná ionntú leo. D'iompuigh bean darbh ainm Máire Ní Fheartaigh agus a clann leis na protastúnaigh nuair a cailleadh a fear leis an ocras, ach nuair a bhí a clann go leír in ann a mbeatha a shaothrú d'iontuigh sí uatha arís.San am sin cuireadh bóithre ar bun chun cabhair a thabhairt do na boicht. In aimsir an ghorta thug fear lán naigín óir ar lán naigín mine agus an t-é a fuair an t-ór bhí sé caillte ar maidin agus an fear eile beo. Cailleadh fear de na Breathnaigh ar thaobh an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe